Cé muid

cé muid

Bhunaigh Tomás Mac Con Iomaire an comhlucht leiriúcháin katcom sa bhliain 2007.

Tá taithí breis agus tríocha bliain ag Tomás Mac Con Iomaire i ngort na craoltóireachta. Chaith sé blianta fada ag obair le Raidió na Gaeltachta sna rólanna seo:

Tá taithí leathan aige i ngort an oideachais agus na h-oiliúna chomh maith. Tá sealanna caite aige ag léachtóireacht le Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus le GMIT. Tá cúrsaí iriseoireachta agus craoltóireachta eagraithe agus stiúrtha aige agus micléinn leis le cloisteáil agus le feicáil ar sheirbhísí craoltóireachta ar fud na tíre.

Ó bunaíodh katcom tá saothair a léirigh an comhlucht seo craolta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Raidió a hAon, Galway Bay FM, Clare FM, Radio Kerry, Raidió na Life, Flirt FM, Connemara Community Radio, Community Radio Castlebar.

Cuireann muid seirbhísí taifid leiriúcháin agus iar-léirúchain ar fáil do chomhluchtaí teilifise agus scannanaíochta.

Déanann muid taifid agus leiriúcháin d’eagrais agus do chomhluchtaí neamhspleacha.

Ar na sraitheanna raidió atá craolta tá:
Pobal ar Aire: Stair Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta
Scéala Éireann: Stair na hÉireann ó aimsir na Críostaíochta i leith
Clocha Cladaigh: Fílí comhairseartha ag aithris a gcuid filíochta
Ar an gCoigríoch: Eachtrannaigh le Gaeilge líofa
Thar Toinn: Oileáin na hÉireann
Baile an Droichid: Sraithdhrama raidió le Joe Steve Ó Neachtain


Seirbhísí Eile
Cuireann katcom seirbhísí aistriúcháin Béarla/Gaeilge agus Gaeilge/Béarla ar fáil.
Ullmhaíonn muid Tuairiscí, Tuarascála, Pleananna Teanga agus Pleananna Forbartha d’eagrais pobail agus dheonacha.